Targeted Call for LEADER Biodiversity Applications 2020
County Wicklow Partnership on behalf of Wicklow LCDC invites community groups and individuals based in County Wicklow to submit Expressions of Interest for funding under the LEADER / Rural Development Programme 2014-2020 for biodiversity projects.
A total budget of €200,000 is being made available to applicants and grant amounts will range between €5,000 (min) and €25,000 (max). Eligible costs include Capital (refurbishment / purchase of equipment), Analysis and Development (feasibility studies) and Training.
Examples of projects may include:
- Awareness raising and practical guidance on how to protect biodiversity
- Feasibility studies and action plans
- Local initiatives that support biodiversity and environmental improvements, for example, the upgrading of parks and river walks, establishment of nature corridors, habitat creation and planting of native species.
Funding is being made available through the Rural Environment Theme of the Rural Development Programme (Theme 3) under the subtheme ‘Protection and Improvement of Local Biodiversity’. This targeted / Time limited call is a 2 stage process.
Stage 1 – Submission of Expression of Interest
Should you wish to be considered under this call you must submit a completed Expression of Interest (EOI) form to County Wicklow Partnership, 3rd Floor, Avoca River House, Bridgewater Centre, Arklow, Co. Wicklow by close of business on Friday 4th September 2020. EOI forms and further information is available on www.wicklowpartnership.ie. You can also contact us by phone on 0402 20955 or email info@wicklowpartnership.ie.
Stage 2 – Application Stage
Applicants will be contacted to inform them if their Expression of Interest is deemed eligible under the Rural Development Programme. Projects that are considered to be eligible from EOI stage will then be invited to submit a full application for grant assistance. CWP Development Officers will be available to support any interested applicants in their preparation of their LEADER applications. The deadline for completed applications is 16th October, 2020. It is anticipated that promoters will be informed of the decision on their application by the end November, 2020.
Relevant Documents to download
Glaoch Spriocdhírithe le haghaidh Iarratais Bhithéagsúlachta LEADER 2020
Iarrann Comhpháirtíocht Chontae Chill Mhantáin, thar ceann Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chill Mhantáin, ar ghrúpaí pobail agus ar dhaoine aonair atá lonnaithe i gContae Chill Mhantáin Léirithe Spéise a chur faoina bráid le haghaidh maoiniú faoi LEADER / Chlár Forbartha Tuaithe 2014–2020 i gcomhair tionscadail bhithéagsúlachta.
Tá buiséad €200,000 san iomlán á chur ar fáil d’iarratasóirí agus beidh idir €5,000 (ar a laghad) agus €25,000 (ar a mhéad) i gceist leis na deontais a bhronnfar. Áirítear i measc na gcostas incháilithe Costais Chaipitil (athchóiriú/ceannach trealaimh), Costais Anailíse agus Forbartha (staidéir féidearthachta) agus Costais Oiliúna.
Áirítear le samplaí de thionscadail fhéideartha:
• Ardú feasachta agus treoir phraiticiúil faoin gcaoi leis an mbithéagsúlacht a chosaint
• Staidéir féidearthachta agus pleananna gníomhartha
• Tionscnaimh áitiúla a thacaíonn le feabhsuithe bithéagsúlachta agus comhshaoil, mar shampla, páirceanna agus siúlóidí cois abhann a uasghrádú, conairí dúlra a bhunú, gnáthóg a chruthú agus speicis dhúchasacha a chur.
Tá an maoiniú á chur ar fáil tríd an Téama Comhshaoil Tuaithe den Chlár Forbartha Tuaithe (Téama 3) faoin bhfothéama ‘Bithéagsúlacht áitiúil a chosaint agus a fhorbairt’. Tá dhá chéim ag baint leis an nglaoch spriocdhírithe seo a bhfuil teorainn ama leis.
Céim 1 – Léiriú Spéise a Chur Isteach
Má theastaíonn uait go measfaí d’iarratas faoin nglaoch seo, caithfidh tú foirm um Léiriú Spéise a chur chuig Comhpháirtíocht Chontae Chill Mhantáin, An 3ú hUrlár, Avoca River House, Bridgewater Centre, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin faoi dheireadh an lae oibre Dé hAoine, 4 Meán Fómhair 2020. Tá na foirmeacha um Léiriú Spéise agus tuilleadh eolais ar fáil ar www.wicklowpartnership.ie. Is féidir dul i dteagmháil linn freisin ar an nguthán ar 0402 20955 nó trí ríomhphost a chur chuig info@wicklowpartnership.ie.
Céim 2 – Iarratas a Chur Isteach
Rachfar i dteagmháil leis na hiarratasóirí a meastar go bhfuil a Léiriú Spéise incháilithe faoin gClár Forbartha Tuaithe. Iarrfar ar thionscadail a meastar atá incháilithe i ndiaidh chéim na Léirithe Spéise iarratas iomlán ar chúnamh deontais a chur isteach. Beidh Oifigigh Forbartha Chomhpháirtíocht Chontae Chill Mhantáin ar fáil chun tacú le haon iarratasóirí a dteastaíonn cúnamh uathu lena n-iarratas LEADER a ullmhú. Is é an dáta deiridh d’iarratais chomhlánaithe a bheith faighte an 16 Deireadh Fómhair 2020. Meastar go gcuirfear tionscnóirí ar an eolas faoin gcinneadh ar a n-iarratas faoi dheireadh mhí na Samhna 2020.